Tá mé mo shuí ó d`éirigh`n ghealach aréir
Ag cur teine síos gan scíth is á fadó go géar
Tá bunadh a` tí `na luí is tá mise liom féin
Tá na coiligh ag glaoch `san saol `na gcodladh ach mé.
Sheacht mh`anam déag do bhéal do mhala is do ghrua
Do shúil ghorm ghlé-gheal fár thréig mé aiteas is suairc
Le cumha do dhiaidh ní léir dom an bealach a shiúil
Is a charaid mo chléibh tá na sléibhte `dul idir mé`s tú
Deiridh lucht léinn gur claoite an galar an grá
Char admhaigh mé é is é `ndiaidh mo chroí istigh a chrá
Aicid róghéar faraor nár sheachain mé í
Chuir sí arraing is céad go géar trí cheart-lár mo chroí.
Casadh bean-tsí dom thíos ag Lios Bhéal an Átha
D`fhiafraigh mé di an scaoilfeadh glas ar bith grá
Is é dúirt sí os íseal i mbriathra soineannta sáimh
"Nuair a théann sé fán chroí cha scaoiltear as é go bráth."