[Curfá]
Ara, tá sí go deas ach is gealt í
Tá sí píosa beag buile
Bíonn sí ag screadach istoíche
"Tá mé-mé-mé as mo mheabhair"
Ara, tá sí gleoite ach is gealt í
Tá sí mícheart ar bhealach atá ceart féin
Bíonn sí ag screadach istoíche
"Tá mé-mé-mé as mo mheabhair"
[Véarsa 1]
Cuirfidh tú mallacht uirthi ach is beannacht í
Beidh do léine stróicthe aici faoi cheann soicind
Beidh tú istigh chuici arís agus tuilleadh ag teastáil uait
An pláta folamh agat le líonadh arís, níl aon éalú uaidh
[Réamh-Churfá]
Ní, ní, ní chuirfidh tú ina choinne
Ligfidh tú di thú a mhealladh -adh
Déarfaidh tú, "Níl, níl"
Is ansin deir tú "tá, tá, tá"
Mar go bhfuil do chiall á saobhadh aici
[Curfá]
Ara, tá sí go deas ach is gealt í
Tá sí píosa beag buile
Bíonn sí ag screadach istoíche
"Tá mé-mé-mé as mo mheabhair"
Ara, tá sí gleoite ach is gealt í
Tá sí mícheart ar bhealach atá ceart féin
Bíonn sí ag screadach istoíche
"Tá mé-mé-mé as mo mheabhair"
[Iar-Churfá]
Mire sa gcaoi go dteastaíonn gunna cosanta uait
Tá sí nimhneach ach taitneamhach
Deirtear fúithi, "Rith, ná siúil, uaithi"
Ara, tá sí go deas ach is gealt í
Tá sí píosa beag buile
Bíonn sí ag screadach istoíche
"Tá mé-mé-mé as mo mheabhair"
[Véarsa 2]
Éist liom, a deirtear leat, ná hól a deoch draíochta
Pógfaidh sí ar do mhuineál thú gan mhothú
Nuair a bhíonn sí suarach leat, tá a fhios agat gur maith leat é
Mar tá blas meala uirthi gan bhréag gan áibhéil
[Réamh-Churfá]
Ní, ní, ní chuirfidh tú ina choinne
Ligfidh tú di thú a mhealladh -adh
Déarfaidh tú, "Níl, níl"
Is ansin deir tú "tá, tá, tá"
Mar go bhfuil do chiall á saobhadh aici
[Curfá]
Ara, tá sí go deas ach is gealt í
Tá sí píosa beag buile
Bíonn sí ag screadach istoíche
"Tá mé-mé-mé as mo mheabhair"
Ara, tá sí gleoite ach is gealt í
Tá sí mícheart ar bhealach atá ceart féin
Bíonn sí ag screadach istoíche
"Tá mé-mé-mé as mo mheabhair"
[Iar-Churfá]
Mire sa gcaoi go dteastaíonn gunna cosanta uait
Tá sí nimhneach ach taitneamhach
Deirtear fúithi, "Rith, ná siúil, uaithi"
Ara, tá sí go deas ach is gealt í
Tá sí píosa beag buile
Bíonn sí ag screadach istoíche
"Tá mé-mé-mé as mo mheabhair"
[Ceangal]
Tá tú díreach mar atá mé féin, tá tú as do mheabhair
Is ait an rud é, tá a fhios agam, go bhfuil an bheirt againn ar mire
Tá tú ag rá liom go bhfuil mé as mo mheabhair
A stór, ná lig ort nach dtaitníonn an crá leat
[Curfá]
Ara, tá sí go deas ach is gealt í
Tá sí píosa beag buile
Bíonn sí ag screadach istoíche
"Tá mé-mé-mé as mo mheabhair"
Ara, tá sí gleoite ach is gealt í
Tá sí mícheart ar bhealach atá ceart féin
Bíonn sí ag screadach istoíche
"Tá mé-mé-mé as mo mheabhair"
[Iar-Churfá]
Mire sa gcaoi go dteastaíonn gunna cosanta uait
Tá sí nimhneach ach taitneamhach
Deirtear fúithi, "Rith, ná siúil, uaithi"
Ara, tá sí go deas ach is gealt í
Tá sí píosa beag buile
Bíonn sí ag screadach istoíche
"Tá mé-mé-mé as mo mheabhair"