Sé mo laoch mo ghile mear
‘Sé mo Shaesar, gile mear,
Suan ná séan ní bhfuaireas féin
Ó chuaigh i gcéin mo ghile mear
Bímse buan ar buairt gach ló,
Ag caoi go cruaidh ‘s ag tuar na ndeor
Mar scaoileadh uaim an buachaill beo
‘S ná ríomhtar tuairisc uaidh, mo bhrón
Sé mo laoch mo ghile mear
‘Sé mo Shaesar, gile mear,
Suan ná séan ní bhfuaireas féin
Ó chuaigh i gcéin mo ghile mear
Sé mo laoch mo ghile mear
‘Sé mo Shaesar, gile mear,
Suan ná séan ní bhfuaireas féin
Ó chuaigh i gcéin mo ghile mear
Ach seinntear stair ar chlairsigh cheoil
is líontair táinte cárt ar bord
le hintinn ard gan chaim, gan cheo
chun saoghal is sláinte d' fháil dom leon.
Sé mo laoch mo ghile mear
‘Sé mo Shaesar, gile mear,
Suan ná séan ní bhfuaireas féin
Ó chuaigh i gcéin mo ghile mear (x3)