Is a Bhríd Ní Mháille
'S tú d'fhág mo chroí cráite
'S chuir tú arraingeacha
An bháis trí cheartlár mo chroí
Tá na mílte fear i ngrá
Le d'éadan ciúin náireach
Is go dtug yú barr breáchtacht'
are Thír Oirghiall más fíor
Níl ní bith is áille
Ná'n ghealach os cionn a' tsáile
Ná bláth bán na n-airne
Bíos ag fás are an droigheann
Ó siúd mar bíos mo ghrá-sa
Níos trilsí le breáchtacht
Béilín meala na háilleachta'
Nach ndearna claon
Is buachaill deas óg mé
'Tá triall chun mo phósta
'S ní buan i bhfad beo mé
Mura bhfaighidh mé mo mhian
A chuisle is a stóirín
Déan réidh agus bí romhamsa
Cionn deireanach den Domhnach
are Bhóithrín Dhroim Sliabh
Is tuirseach 's brónach
A chaithimse an Domhnach
Mo hata I' mo dhorn
'S mé ag osnaíl go trom
'S mé ag amharc are na bóithre
'Mbíonn mo ghrá-sa ag gabhail ann
'S í ag fear eile pósta
Is gan í bheith liom
'S í ag fear pósta
Is gan í bheith liom